Smaointe ar Covid-19 i nDeoise Chill dá Lua
Samhradh 2020
Tá sé greannta ar mo chuimhne ’bheith ar an mbóthar go searmanas Chóinéartaithe sa bPocán, Co Thiobraid Árann nuair a d’fhógair an Taoiseach, Leo Varadker ar an raidió go mbeadh chuile shórt ag dúnadh síos an lá dar gcionn. Cheap mé ag an am go mbeadh deireadh leis an ngéar-chéim théis roinnt laethannta, nó b’fhéidir roinnt seachtainí. Ba bheag a cheap mé go mbeadh titim amach de’n ré nua seo i mbarr a réime ag deireadh an tSamhraidh seo agus gan tásc nó tuairisc ar a mhalairt a fheicéail amach anseo go luath ach an oiread.
Is ainmhithe sóisialta muid go smior agus téann sé in aghaidh nádúr an duine gan a bheith fite-fuaite le chéile le ’chuile shórt a dhéanann muid. Cé a cheapfadh sé mhí ó shin nach mbeadh muid inann fiú amháin lámh a chreathadh lena chéile? Am eicint i lár Mí na Márta bhí cuairteoir ag rothaíocht síos an tsráid in Inis le púicín á chaitheamh aige agus cheap mé nach bhfaca mé rud ar bith chomh greannmhar agus aisteach leis sin. Ba bheag a cheap mé go mbeadh formhór den daonra i mbun na healaíne céanna ag deireadh an tSamhraidh!
Dúnadh Séipéil – Gníomh Aisteach!
B’aisteach go deo an rud é domsa mar Easpag foláireamh a chur amach chuig na paróistí ar fad na séipéil a dhúnadh agus Aifreann a léamh leis na doirse faoi ghlas. Mar chléir caitheann muid ár saoil ag iarraidh daoine a mhealladh isteach sna séipéil. Bíonn muid buíoch do Dhia nuair a thagann daoine isteach an doras. Bhí sé deacair agus ar bhealach ní dhearna sé ciall dá laghad ag an am ag cur ruaig agus bac ar dhaoine agus ag dúnadh doirse. Ar bhealach bhíomar ar nós na hAspail sa Soiscéal roimh an Chincís, théis céasadh Ár Slánaitheora agus na doirse faoi ghlas le teann faitíos. Namhaid dofheicthe, cumhachtach a bhí ag cur ladar sa scéal agus ag tiontú an domhain bun-ós-cionn.
Cuimhním ar lá fhéile Pádraig gur tháining an griangrafadóir ó’n bpáipéar áitiúil isteach san Árd-eaglais ag tógáil pictiúir den Aifreann ar an lá mór. Lá fhéile Pádraig. Aifreann á léamh. Gan deoraí i láthair. Lá stairiúil. Is aisteach an mac an saol!
Foclóir agus Téarmaíocht
Sna laethannta sin tháining foclóir nua go tobann iseach sa chaint. Víreas, ionlonnú, dian-ghlasáil, púicíní, spás sóisialta, cocúnú, scaradh sóisialta, infhabtú, dífhabhtú, níochán lámha, treoir-línte, cruinnithe ar líne, oibriú ó’n mbaile, focla agus téarmaíocht eile nár chuala móráin trácht ariamh air sa gnáth chaint.
Smaointe Pearsanta
Tháinig chuile shaghas mothucháin chun cinn sna laethannta sin. Faitíos, uaigneas, mearbhall chomh maith le frustrachas. Iad sin ar fad agus tuilleadh. Ceisteaanna go leor freisin. Cé’n fáth? Cén fáth a ligfeadh Dia tubaist mar seo tarlú? An bhfuil muidne mar chine dhaonna ag cur isteach ar an dúlra lenár slí maireachtála agus an bhfuil éifeacht aige seo orainn anois? An bhfhuil Dia ag baint díoltais amach orainn, ceal aird a bheith Air? Ceisteanna, ceisteanna? Ní dhéanann an rud ar fad ciall ar bith, nó an ndéanann?
Tinneas agus Bás
An rud ba mheasa faoi’n Covid-19 ar fad ná an méid daoine a d’fhulaing go gear dá bharr. Tháinig tinneas tobann ar mhórán daoine leis an ngalar fíor-thógálach seo. Go dtí an poinnte seo tá beagnach 1,800 marbh dá bharr in Éirinn agus 27,000 tinn d’á bharr. Go ndéana Dia trócaire ar anamacha na marbh ar fad. Ghoill sé go mór orm na pictiúrí a fheicéail go minic ar an teilifís de na daoine a bhásaigh. Ainm agus pictiúr. Ar bhealach amháin is staitistic lom a bhí ann ach níos doimhne fós ná sin is beatha agus saol iomlán a bhí imithe leo san aer, conneal na beath múchta, go deo. Ní féidir cur síos a cé chomh deacair is a bhí sé nach raibh cead ach deichniúr ag Aifrinn Shochraidí agus gan a bheith inann comh-bhrón a dhéanamh go fisiciúil. Is cuid lárnach dár gcultúr tacaíocht a thabhairt don té atá faoi bhrón agus chuir sé seo isteach ar mhórán daoine.
Is iomaí duine atá ag fulaingt freisin de bharr postanna agus slí maireachtála a cháilliúnt agus titim ar theacht isteach airgid. Cé a a d’fhéadfadh pleanáil agus a bheith réitithe le haghaidh sin!
Eagla agus Faitíos
Is doigh liom ceann de na rudaí ba deacra faoi’n víreas ná an faitíos agus eagla a bhí ar daoine, mé fhéin san áireamh i rith an ama sin. Faitíos roimh an vireas fhéin. An bhfaighfidh mé an vireas? An mbeidh mé inann déailéal leis? Mo mhuintir, cuid acu ag dul in aois? Is iomaí duine a dúirt liom ó shin gurbh é an fhaitíos an rud ba mheasa faoin rud ar fad. Mar Shagart agus Eapbag freisin bhí faitíos réalaíoch go stopfadh daoine ag freastal ar an Aifreann, ceal chleachtadh théis an dian-ghlasáil agus chomh maith leis sin go mbeadh titim tubaisteach le ciste an Domhnaigh le arán a chur ar an mbord.
Fearg agus frustrachas
Bhí fearg agus frustrachas chun cinn freisin. Cur isteach ar an gclár ama agus gan a bheith inann dul in áiteacha agus dul ar chuairt ar go leor daoine. Bhí mo mháthair i dteach altrannais agus mo dheartháir le riachtanaisí speisialta leis na Bráithre Carthanachta. Go hiondúil thagadís abhaile ’chuile Domhnach le haghaidh an dinnéir ach cuireadh stop tobann leis sin. Níorbh fhéidir fiú amháin dul ar chuairt orthu. Nach aisteach an mac an saol?
Obair agus Saothar
Go pearsanta, níor chuir an dian-ghlasáil Covid-19 iseach go ró-mhór orm fhéin sa chaoi is go raibh mé inann go leor rudaí eile a dhéanamh. In ainneoin go raibh sceideal mór shearmanais chóinéartaithe ar ceal, chomh maith le cruinnithe pleanála bhí mé inann an t-am a úsáid go héifeachtach le coinnéail i dteangabháil le daoine ar líne agus roinnt mhaith cruinnithe a reachtáil ar líne freisin. Bhí na searmanais ar fad, an tSeacthain Mhór san áireamh á gcraoladh ar líne agus bhí go leor daoine fíor-bhuíoch mar gheall ar sin.
Cumarsáid agus Teicneolaíocht
Thosaigh mé ag déanamh teachtaireachtaí beaga spioradálta ar Youtube agus Vimeo, nós atá á leanúint agam ó shin i leith agus chabhraigh sé sin leanacht ar aghaidh le obair an Tiarna ar bhealach difriúl. Roimh an dian-ghlasáil níor chuala mé caint ariamh ar Zoom nó Teams nó a leithéad ach anois is beag laethannta nach mbíonn sé in usáid. Ceann de na rudaí maithe a tháinig as an rud seo ar fad ná an bealach nua seo le cruinnithe a reachtáil, a shábháileann am agus fuinneamh ar an mbóthar.
Aifreann ar lár agus Aifreann san Aer
Thóg sé tamaill dul i dtaithí ar Aifreann á léamh agus an searmanas á thaifeadadh ar webcam. Chuaigh mé i dtaithí ar sin tar éis tamaill. Ach Aifreann a léamh gan aon duine a bheith láthair?! Ba dheacair dul i dtaithí ar sin. An raibh mé ag caint liom fhéin? An raibh aon duine ag éisteacht? Céad, dhá chéad? Duine ar bith? An raibh mé i gcumarsáid le duine are bith. An raibh mé i gcumarsáid le Dia fhéin fiú amháin? Ar go leor bealaí ní dhéanann sé ciall Aifreann a cheiliúradh gan slua a bheith i láthair. Is iomaí duine a bhí buíoch go raibh seirbhís webcam ar fáil chomh maith le áiseanna eile, Facebook agus Youtube san áireamh. Buíochas mór do na stáisiúin áitiúla chomh maith le RTÉ a bhí thar barr ag craoladh Aifreann go laethúil agus ar an Domhnach.
Spórt agus Spraoi
Choinnigh mé orm ag iarraidh coinnéail aclaí ag rith agus ag siúl ’chuile lá agus ag dul amach ar an rothar timpeall an bhaile, gan dul ró-fhada. Is ionann suaimhneas choirp agus suaimhneas intinne agus cuireann suaimhneas anama barr feabhais ar sin ar fad. Ní go dtí gur tharla an dian-ghlasáil go dtí gur airigh muid an ról tabhachtach atá le cúrsaí sport sa saol chomh maith leis an ról atá ag ealaíontóirí, aisteoirí agus ceoltóirí.
Aimsear Bhreá – An Dúlra thart timpeall
Bhí beagnach trí mhí d’aimsear bhreá i rith an ama sin, Márta, Aibreán agus Bealtaine. Aimsear bhreá le bheith ag garradóireacht agus bhí caoi den scoth ar na plásóga agus bláthanna thart timpeall an ama sin, rud a chabhraigh go mór le croí agus an spiorad a ardú, in ainneoin na ndeacrachtaí agus dúshláin ar fad a bhí thart timpeall orainn. Is mór an trua go bhfuil comórtas na mbailte slachtamhara ar ceal i mbliana mar ní raibh na bailte ariamh ag breathnú chomh maith sin! Bhí scéal sa nuacht go luath sa ghéar-céim go raibh an t-uisce i Venice glan do’n chéad uair ariamh le blianta. Bhí an aer agus atmasféar ar fud an domhain níos glaine de bharr níos lú caranna a bheith ar an mbóthar. B’fhéidir go raibh ceacht ansin go bhfuil an dúlra thart timpeall orainn ag screadh amach níos mó aird a thabhairt uirthi. Macalla ar theachtaireacht Laudato Si!
Fathach Spioradálta – Thomas Merton
Mar gheall go raibh beagán níos mó ama ar láimh thosaigh mé ag léamh leabhra Thomas Merton arís agus thug sé sin misneach agus dóchas dom. Chuir me le chéile leabhar gairid ar a shaothar. Peace Smiles an t-ainm ar sin agus táim ag tnúth go mór len é sin a fhoilsiú amach sa bhFómhar le cúnamh Dé. Sa mainistir Gethsemani i Kentucky a chuaigh Merton ag lorg suaimhnis agus síocháin an Tiarna. Rith sé liom go raibh muid ar fad cosúil le manaí le linn an dian-ghlasála. Thug an tréimhse sin breis ama do go leor daoine smaoineamh agus guí a dhéanamh, rud nach dtarlaíonn go h-éasca nó go minic leis an saol gnóthach atá ag formhór againn.
Maitheas agus ábhair mórtais
Ar ndóigh tháining go leor rudaí maithe chun cinn i rith an ama sin freisin. Chuir go leor daoine an ceist cé’n chaoi ar féidir leis an eaglais feidhmiú le linn na géar-chéime nuair nach raibh daoine inann freastal ar Aifrinn. Ar an láimh eile – d’fhéadfá a rá nach raibh teachtaireacht Chríost chomh mór sin chun cinn agus a bhí ariamh le linn an ama sin. Tóg mar shampla laochais na seirbhísithe poiblí agus an chaoi ar chuir siad a mbeatha i mbaol ag déileál le rud ar bith a tháinig chun cinn ó lá go rá i rith an ama sin. Féach an obair a rinne an Cumann Lúthchleas Gael, na Comhairlí Chondae chomh maith le grúpaí eile nach iad a rinne obair na gcapall ag eagrú obair dheonach. Sampla maith de sin sa Deoise againn fhéin, Cill dá Lua ar An Tulach nuair a bhí daoine ag teastáil leis an séipéal a ghlanadh síos chuile lá – siad an fhoireann faoi 20 iománaithe áitiúla is túisce a bhí ar fáil dul i mbun oibre.
An bóthar chun cinn?
Ag an bpoinnte seo cuirimis ceist orainn fhéin cá bhfuil Dia sna laethannta seo? Cén chaoi bhfuil muid mar eaglais le linn an ama seo ar fad? Quo Vadis? Cá bhfuil ár dtriall anois?
B’fhéidir go bhfuil sé i bhfad ró-luath na freagraí seo a fháil. Dar liom go bhfuil go leor macnamh le déanamh ar an tréimhse seo agus na ceachtanna atá le foghlaim as. An rud is tábhachtaí ag an bpoinnte seo, is dóigh liom go mbeadh muid macánta agus breathnú go géar cé mar a bhíomar i rith an ama sin. Chomh maith leis sin cén machnamh a rinne muid ar bhrí an chreidimh agus brí na beatha. Ar tháinig fás agus borradh ar mo chreideamh pearsanta? Mar eaglais b’fhéidir nach imní faoi uimhreacha agus na struchtúir ach a bheith buíoch dá chéile, bronntanas na beatha, an bronntanas atá ionainn d’á chéile, chomh maith leis an domhan álainn atá thart timpeall orainn ar fad.
✠ Fiontán Ó Monacháin
Easpag Chill Dá Lua